Fúinn | About Us
Is eagraíocht Ghaeilge muid a chuireann teanga agus cultúr na nGael chun cinn trí oideachas, ealaín, seirbhísí teaghlaigh agus pobail, agus obair fhor-rochtana. Is í aidhm s’againn ná an pobal Gaeilge is mó agus is ilchineálaí in Éirinn a thógáil anseo i lárchathair dheisceart Bhéal Feirste agus insa chúlchríoch uirbeach atá againn i mórcheantar Bhéal Feirste Thoir agus Theas.
Bunaíodh An Droichead i 1992 chun todhchaí na Gaeilge i nDeisceart agus Oirthear Bhéal Feirste a chinntiú trí réimse seirbhísí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a fhorbairt don phobal.
Bhunaigh muid Gaelscoil i 1996 agus thóg muid Lárionad cultúir sa bhliain 2000 – an t-aon Lárionad Gaeilge i nDeisceart agus Oirthear Bhéal Feirste. Bíonn muid i gcónaí ag cur lenár seirbhísí do phobal na Gaeilge agus ar na saolta seo tá na rudaí seo a leanas ar siúl againn: cúram lae, naíonra, cumann iarscoile, cumann óige, caifelann sa phobal, traenáil do Ghaeilgeoirí óga, ranganna Gaeilge, ranganna ealaíne is ceardlanna ceoil, céilithe agus ceolchoirmeacha le ceoltóirí traidisiúnta idirnáisiúnta.
Is í fís s’againn ná an pobal Gaeilge is mó agus is ilchineálaí in Éirinn; is é ár misean ná daoine, teaghlaigh agus pobail a spreagadh leis an Ghaeilge a choinneáil lárnach ina saolta. Oibríonn muid i dtreo sin trí chúram leanaí Gaeilge, oideachas sna luathbhlianta agus seirbhísí teaghlaigh a sholáthar don phobal áitiúil, chomh maith le clár leathan de dheiseanna fostaíochta, oideachas agus gníomhaíochtaí sóisialta. Déanann muid e fosta trí shuim sa Ghaeilge a chothú i measc pobail úra agus tríd an gheilleagar sóisialta Gaeilge a neartú.
Bhain An Droichead príomhdhuais agus Trófaí Ghlór na nGael i 2005 agus arís i 2009, chomh maith le Craobh Uladh an chomórtais i 2006.
An Droichead is an Irish language organisation that promotes the development of Irish language and culture through education, arts, family & community services, and outreach work. Focusing in particular on our immediate area of inner city south Belfast and our urban hinterland of greater south and east Belfast, the aim of An Droichead is to build the largest and most diverse community of Irish speakers in Ireland.