
Taighde: Iniúchadh agus Measúnú Riachtanas na nGrúpaí Gaeilge i mBéal Feirste
Research: Audit and needs assessment of Irish language groups in Belfast

Taighde: Iniúchadh agus Measúnú Riachtanas na nGrúpaí Gaeilge i mBéal Feirste / Research: Audit and needs assessment of Irish language groups in Belfast
San iniúchadh seo, le maoiniú ó Chomhairle Bhéal Feirste, díríonn POBAL ar ghrúpaí Gaeilge atá lonnaithe taobh istigh de limistéar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus a bhfuil a gcuid bunoibre á déanamh acu le himeacht ama i réimsí éagsúla, idir obair sna healaíona, san oideachas, sna meáin, i bhforbairt pobail agus eile. Grúpaí iad uilig atá thar a bheith gníomhach agus a bhfuil éacht á dhéanamh acu le héagsúlacht agus le beocht na cathrach a chur chun cinn. Is doiligh d’ionadaithe sinsearacha am a chur ar leataobh le páirt a ghlacadh i dtaighde agus iad ag iompar ualach trom oibre ar bhonn laethúil. Leis an iniúchadh seo a bhailíochtú, bhí rannpháirtíocht 8 ngrúpa mar sprioc ag POBAL. Sa deireadh thiar, ghlac 17 ngrúpa páirt ann, níos mó ná dhá oiread na spriocuimhreach. Go luath san iniúchadh, ba léir go raibh na grúpaí bródúil as a raibh bainte amach acu ar son na cathrach, agus go raibh fonn orthu cur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun Béal Feirste a bhogadh ar aghaidh isteach i sochaí bhríomhar, éagsúil.
In this audit, funded by Belfast City Council, POBAL focuses on Irish language groups located in the Belfast City Council area, whose core work has been created over time in a wide range of areas, from work in the arts, in education, in the media, in community development and more. They are all groups that are extremely active and who are high achieving in terms of the promotion of the diversity and vitality of the city. It is difficult for senior representatives to put aside time to participate in research when they are carrying heavy workloads on a daily basis. To ensure the validity of this audit, POBAL set a target of 8 participating groups as our goal. Ultimately, 17 groups participated in it, more than twice the target number. Early in the investigation, it became clear that the groups were proud of what they have achieved on behalf of the city, and that they want to contribute to efforts to drive Belfast forward into a vibrant, diverse society.





