Comharthaíocht Ghaeilge curtha in airde ag LORAG | Irish Language Signs erected in LORAG
Bhí athas ar An Droichead cuidiú le LORAG comharthaí Gaeilge a chuir in airde in Ionad Fóillíochta agus Pobal Shaftesbury an tseachtain seo chaite. Beidh seo ina chuidiú an Ghaeilge a chuir chun cinn sa phobal áitiúil.
Le cuidiú ó Fhoras na Gaeilge agus an scéim Gnó Means Business, thiocfadh linn comharthaíocht Ghaeilge a chuir ar fáil don ghrúpa pobal, agus cuidiú leo é a chuir in airde.
Cuideoidh na comharthaí seo le feiceáileacht na Gaeilge sa cheantar, agus le séirbhísí a chuir ar fáil do Ghaeilgeoirí a bhaineann úsáid as an ionad. Tá An Droichead sásta cuidiú a thabhairt do ghnó, nó grúpa pobail ar bith atá ag iarraidh an teanga a chuir chun cinn taobh istigh den eagraíocht.
Déan teagmháil linn ar gno@androichead.com más maith leat comhairle nó cuidiú leis an Ghaeilge a chuir chun cinn i d’eagraíocht féin.