Cuairt fhiúntach ó Chomhchoiste na Gaeilge go dtí an Droichead | A valuable visit from Oireachtas Irish Committee
Bhuail Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ó Thithe an Oireachtais isteach chuig An Droichead ar an Luan 21 Samhain mar chuid de chuairt a thug siad ar ghrúpaí Gaeilge i mBéal Feirste.
Bhí lúcháir orainn fáilte a chuir roimh an ghrúpa seo Teachtaí Dála agus Seanadóirí ar maidin, agus iad ag cuir tús lena gcuid cuairteanna thart ar Bhéal Feirste. Labhair oifigigh ó An Droichead leo faoin obair atá ar siúil ag an eagraíocht faoi láthair, agus na pleananna atá ann ag dul chun tosaigh.
Chuaigh an chuairt go mór i bhfeidhim ar na hionadaithe ón chomhchoiste, a mhol go mór an obair atá déanta ag An Droichead, agus grúpaí eile sa chathair.
Na baill den chomhchoiste a bhí i láthair ná Niall Ó Donnghaile, Pa Ó Dálaigh, Caitríona Ní Chonnghaile, Aengus Ó Snodaigh, Lorraine Clifford-Lee agus Rónán Mullen.