Páirtíocht idir An Droichead agus Scéim Chónaithe OnaB ag neartú | Partnership between An Droichead and QUB Residential Scheme continues to grow
Thug An Droichead cuairt ar Scéim Chónaithe Ollscoil na Banríona an tseachtain seo chaite, le tacaíocht a thabhairt do na mic léinn atá ag cuir faoi i mbliana ins an lóistín lán-Gaeilge atá curtha ar fáil ag Ollscoil na Banríona. Tugadh comharthaí slándála, comharthaí éascaithe, agus earraí Gaeilge éagsúla dóibh.
Bhí an méid seo le rá ag Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha in An Droichead:
“Tá an Scéim Chónaithe ina tearmann teanga do phobal labhartha na Gaeilge san ollscoil. Is spás sábháilte é, áit a dtig leis na cónaitheoirí a gcuid muiníne sa Ghaeilge agus iontu féin a chothú. Tá sé tábhacht do na Gaeil óga seo go bhfuil an Ghaeilge le cluinstin agus le feiceáil, agus ina cuid de shaol ollscoile s’acu ag Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.”
Is é seo an chéad bhliain den Scéim Chónaithe ins an Ollscoil, tionscadal a tháinig ó fheachtas de chuid an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Banríona. Chinn an Ollscoil anuraidh, go gcuirfeadh siad lóistín ar fáil do chainteoirí Gaeilge ins an Ollscoil. Thacaigh An Droichead leis an Chumann i rith an fheactais, agus i gcuir i bhfeidhm na scéime.
Dúirt Ciara O’Gara, mac léinn ón Scéim Chónaithe:
“Is céim chun tosaigh é an scéim seo do phobal na Gaeilge sa tuaisceart, ag cuidiú leis an Ghaeilge a ghlacadh amach ó na seomraí ranga agus í a bheith ina teanga bheo, teanga a úsáideann daoine go laethúil agus go nadúrtha sa saol.”
Dúirt sí, chomh maith, go mbíonn deis acu bheith páirteach sa phobal Gaelach i mBéal Feirste ar bhealach speisialta.